Iomaitheoirí ag tarraingt ar Pháirc an Chrócaigh agus Craobh Uile-Éireann TG4 2024 i bPeil na mBan á seoladh

Tháinig SÁRIMREOIRÍ ó na contaetha éagsúla a bheidh san iomaíocht le chéile i bPáirc an Chrócaigh le chéile inniu (Dé Máirt, an 28 Bealtaine) ag seoladh oifigiúil Chraobh Uile-Éireann TG4 2024 i bPeil na mBan.

Tá an uile dhuine dírithe ar fhilleadh ar Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, an 4 Lúnasa, nuair a bheidh Curaidh na hÉireann 2024 TG4 i gCraobh na Sóisear, sa Chraobh Idirmheánach agus i gCraobh na Sinsear againn.

Idir an dá linn, beidh ceiliúradh á dhéanamh Déardaoin an 18 Iúil ar chothrom 50 bliain ó cuireadh Cumann Pheil na mBan ar bun agus tá sé beartaithe comóradh speisialta a eagrú i nDurlas, áit bhunaithe an Chumainn.

28 May 2024; Pictured at the launch of the 2024 TG4 All-Ireland Ladies Football Championships in Dublin, is Presenter Máire Ní Bhraonáin, with senior players, from left, Clodagh McCambridge of Armagh, Aishling O’Connell of Kerry, Carla Rowe of Dublin and Ailbhe Davoren of Galway. All roads lead to Croke Park for the 2024 TG4 All-Ireland Junior, Intermediate and Senior Finals on Sunday August 4, as the Ladies Gaelic Football Association also gets set to celebrate its 50th anniversary on July 18, 2024. #ProperFan. Photo by Ramsey Cardy/Sportsfile *** NO REPRODUCTION FEE ***

Mar cheiliúradh ar sheoladh Chraobh Uile-Éireann TG4 2024, agus mar gheall ar gach ceann de na contaetha a bheith dírithe ar Pháirc an Chrócaigh, bhí ionadaithe ó na contaetha a bhuaigh Craobhacha Cúige TG4 le déanaí, Clodagh McCambridge (Ard Mhacha), Ailbhe Davoren (Gaillimh), Aishling O’Connell (Ciarraí) agus Carla Rowe (Baile Átha Cliath), i gcuideachta Mháire Uí Bhraonáin, Príomhláithreoir Pheil na mBan Beo ar TG4, le gairid ar na sráideanna thart ar an staid cháiliúil i mBaile Átha Cliath.

Bhí ionadaithe ó chontaetha sa chraobh idirmheánach Niamh Feeney (Ros Comáin) agus Aoibhinn McHugh (Tír Eoghain) i láthair freisin, mar a bhí Róisín Ambrose (Luimneach) agus Ruth Bermingham (Ceatharlach), imreoirí i gCraobh na Sóisear, iad ar fad ag cuidiú le Craobh na hÉireann TG4 2024 a sheoladh.

Beidh tús á chur le séasúr Chraobh Uile-Éireann TG4 2024 Dé Domhnaigh, an 2 Meitheamh, le hocht gcinn de chluichí grúpa sa ghrád Idirmheánach agus i ngrád na Sóisear.

Dé Sathairn, an 8 Meitheamh, a chuirfear tús le Craobh na Sinsear nuair a bheidh Ard Mhacha sa bhaile i bPáirc Lúthchleasa BOX-IT i gcoinne na Mí agus imreofar trí chluiche eile i ngrád na sinsear Dé Domhnaigh, an 9 Meitheamh.

De réir mar a chuaigh craobhacha na gcúigí chun cinn a bhí na grúpaí do Chraobh Uile-Éireann na Sinsear agus don Chraobh Idirmheánach Uile-Éireann á líonadh.

I ngrád na sinsear, tá Maigh Eo agus Cill Dara le sárú i nGrúpa 4 ag Baile Átha Cliath, curaidh na bliana seo caite, agus iad ag iarraidh dhá chraobh a chur as a chéile.

Tá Ard Mhacha, Curaidh Chúige Uladh, i nGrúpa 1 le Contae na Mí agus Contae Thiobraid Árann agus tá Ciarraí, Curaidh na Mumhan, a bhí i gcluiche ceannais Chraobh Uile-Éireann TG4 na sinsear sna blianta 2022 agus 2023 i nGrúpa 2 in éineacht le Dún na nGall agus Port Láirge.

Corcaigh agus Laois atá i nGrúpa 3 in éineacht le Gaillimh, Curaidh Chúige Chonnacht.

Sa Chraobh Idirmheánach, beidh Co. an Chláir, a chuaigh chomh fada leis an gcluiche ceannais anuraidh, ag súil le dul céim níos faide i mbliana. Tá Muineacháin agus Uíbh Fhailí i nGrúpa 2 in éineacht leo.

Tá Contae an Dúin, Curaidh Chúige Uladh, i nGrúpa 1 in éineacht le Contae na hIarmhí agus Contae an Chabháin. I nGrúpa 3 is iad Ros Comáin agus Aontroim atá in éineacht le Loch Garman, Curaidh Chúige Laighean.

Liatroim, Curaidh Chúige Chonnacht, atá i nGrúpa 4 le Cill Mhantáin agus Tír Eoghain.

Naoi gcinn de chontaetha atá san iomaíocht i gCraobh na Sóisear. Tá Londain, Sligeach, Fear Manach, Doire agus Ceatharlach i nGrúpa A agus Cill Chainnigh, Contae Lú, Luimneach agus Contae an Longfoirt i nGrúpa B.

Maidir leis an gCraobhchomórtas Sinsear agus Idirmheánach, rachaidh dhá fhoireann i ngach grúpa ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais, agus rachaidh an dá fhoireann is fearr i ngach ceann de na grúpaí Sóisear ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais.

An tseachtain seo caite, dheimhnigh Cumann Pheil na mBan agus TG4 go mbeadh craoladh beo líneach teilifíse ar 15 de chluichí agus go ndéanfar na cluichí sa Chraobh Sinsir nach dtaispeáintear beo ar an teilifís a shruthchraoladh beo ar chainéal Spórt TG4 ar YouTube, beart stairiúil.

Dheimhnigh Cumann Pheil na mBan agus TG4 freisin go n-imreofar an dá chluiche leathcheannais i gCraobh Uile-Éireann TG4 2024 i bPeil na Sinsear i ndiaidh a chéile an t-aon lá amháin i bPáirc Glenisk Uí Chonchúir i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí ag 5.15 i.n. agus 7.30 i.n. Dé Sathairn, an 20 Iúil.

Imreofar na trí cinn de Chluichí Ceannais Chraobhacha Uile-Éireann TG4 2024 i ndiaidh a chéile i bPáirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh an 4 Lúnasa. Beidh Cluiche Ceannais na Sóisear ar siúl ag 11.45 r.n., an Cluiche Ceannais Idirmheánach ag 1.45 i.n. agus Cluiche Ceannais na Sinsear ag 4.15 i.n.

Beidh Peil na mBan Beo ar fáil ag an lucht féachana ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 ar https://www.tg4.ie/en/player/watch-live/home/ agus ar Aip TG4 don fón póca agus Aip TG4 don Teilifíseán Cliste.

Is í Máire Ní Bhraonáin, iar-pheileadóir mór le rá na Gaillimhe a bheidh i mbun chlúdach Pheil na mBan beo TG4 a chur i láthair arís an séasúr seo amach romhainn. Brian Tyres a bheidh i mbun na foirne tráchtaireachta.

Beidh painéal saineolaithe ina gcomhluadar, ina measc Rena Buckley agus Rhóna Ní Bhuachalla, buaiteoirí Chraobh Uile-Éireann TG4 le Corcaigh, Michelle Ryan, iar-imreoir le Port Láirge, Sorcha Furlong, buaiteoir Chraobh Uile-Éireann le Baile Átha Cliath, Emer Gallagher agus Róisín Rodgers, as Dún na nGall.

Is é TG4 príomhurraitheoirí Chraobhchomórtais na hÉireann i bPeil na mBan ón mbliain 2001 agus tá athrú tagtha ar an gcomhpháirtíocht sin go bhfuil sí ar an gceann is mó aitheantais agus is nuálaí anois i saol an spóirt.

Sa bhliain 2022, d’fhógair TG4 síneadh cúig bhliana lena gcuid urraíochta ar Chraobhacha Uile-Éireann Pheil na mBan Idir-Contae. Leanfaidh an socrú sin go ceann shéasúr na bliana 2027.

Thar ceann TG4 dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: “Comhghairdeas ó chroí uaimse agus ó Bhord agus ó fhoireann TG4 le gach duine ag Cumann Peil Gael na mBan agus an 50ú lá breithe den chumann á cheiliúradh acu ar an 18 Iúil i mbliana.

28 May 2024; Pictured at the launch of the 2024 TG4 All-Ireland Ladies Football Championships in Dublin, are Ard Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont and Uachtarán Cumann Peil Gael na mBan, Mícheál Naughton with the West County Hotel Cup, the Brendan Martin Cup and the Mary Quinn Memorial Cup. All roads lead to Croke Park for the 2024 TG4 All-Ireland Junior, Intermediate and Senior Finals on Sunday August 4, as the Ladies Gaelic Football Association also gets set to celebrate its 50th anniversary on July 18, 2024. #ProperFan. Photo by David Fitzgerald/Sportsfile *** NO REPRODUCTION FEE ***

“Bhí de phribhléid agam i mbliana a bheith páirteach i roinnt de na bearta ceiliúrtha ar leibhéal na gcúigí ar Chothrom 50 Bliain Chumann Pheil na mBan agus a chloisteáil ó bhéal roinnt de na daoine a raibh páirt acu ann faoin gcaoi ar tugadh an Cumann chun cinn, an duine seo agus an duine siúd, sa pharóiste thall agus sa pharóiste abhus agus ó chontae go contae ar fud na tíre. Is léiriú iontach an rath atá ar Pheil na mBan sa lá atá inniu ann ar an toradh rífhiúntach atá ar an aisling a bhí ag oibrithe deonacha ó thús agus ar an dua a caitheadh le barr díograise agus dúthrachta le himeacht na mblianta. Is ceart a gcuid scéalta sin faoin gcur-ó-dhoras agus faoin mbeag-is-fiú a bhí le sárú ag Peil na mBan a chur os comhair an tsaoil mhóir agus beidh ról ag TG4 ina leith sin. Dá ainneoin sin, tháinig Cumann Pheil na mBan chun cinn go bhfuil ina eagras spóirt de scoth an domhain a bhfuil d’aisling aige cothroime agus comhchéim dáiríre a bhaint amach. Tréaslaím féin agus lucht TG4 ar fad a bhfuil bainte amach acu le gach duine a rinne fónamh maidir le sárleibhéal imeartha a chothú i bPeil na mBan agus leo siúd a rinne tairbhe maidir le gnóthaí riaracháin.

“Ba mhór an onóir dom féin go pearsanta oibriú le hocht mbliana den leithchéad leis an Uachtarán Marie Hickey, leis an Uachtarán Micheál Naughton agus le Helen O’Rourke, Príomhfheidhmeannach Chumann Pheil na mBan agus an fhoireann ar fad. Tá gairmiúlacht an eagrais ceangailte go dlúth le cumas ceannasaíochta Helen. Tá forbairt agus forás ar an dá eagraíocht mar gheall ar an gcomhpháirtíocht idir Cumann Pheil na mBan agus TG4 ón mbliain 2001 anall. An meas ar a chéile, an chomhghuaillíocht dhlúth agus ardaidhmeannacht i gcomhar na saintréithe a ghabhann leis an gcomhpháirtíocht sin.

“Beidh gach cluiche i gCraobh Uile-Éireann TG4 na Sinsear ar taispeáint beo ag TG4 i mbliana, ar an gcóras líneach teilifíse nó ar ardán ar líne. Seo an chéad uair ag TG4 tabhairt faoin uile chluiche sa chraobh a thaispeáint. Beidh ar a laghad 10 gcinn de chluichí breise á dtaispeáint beo ag TG4 i mbliana ná mar a taispeánadh sa bhliain 2023.

“Ba mhaith liom buíochas faoi leith a ghlacadh le Rónán Ó Coisdealbha, Ceannaire Spóirt TG4, a bhí lárnach ón gcéad lá riamh sa chomhpháirtíocht idir TG4 agus Peil na mBan. Tá éacht déanta freisin ag an gcomhlacht léiriúcháin Nemeton agus ag foireann inmheánach TG4 as sárchláracha Pheil na mBan a chur ar fáil don lucht féachana ar gach ardán.”

Dúirt Mícheál Naughton, Uachtárán Chumann Pheil na mBan: “Is iontach an imirt atá feicthe againn cheana féin i mbliana i rith Shraith Náisiúnta Lidl agus Chraobhacha Cúigí TG4 agus is gearr uainn anois tús le Craobh Uile-Éireann TG4 na bliana 2024. Am faoi leith seo ag

Cumann Pheil na mBan agus sinn ag ullmhú le ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom 50 bliain ó bhunú an Chumainn Déardaoin, an 18 Iúil.

“Is mór atá bainte amach ag an gCumann in imeacht beagnach leithchéad bliain agus chuidigh comhpháirtíochtaí de leithéid an cheangail atá go seasta fada le TG4 leis an spórt a chur ar leibhéal nua seachas mar a bhí bainte amach roimhe sin. Is féidir a bheith ag tnúth arís eile le réimse leathan foirne ag iomaíocht lena chéile maidir leis na coirn a bhronnfar i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, an 4 Lúnasa ar bhuaiteoirí Chraobhacha Uile-Éireann TG4 2024 i gCraobh na Sóisear, sa Chraobh Idirmheánach agus i gCraobh na Sinsear. Is iad Baile Átha Cliath, a bhuaigh Craobh Laighean na bliana seo le gairid, Curaidh Uile-Éireann i gCraobh na Sinsear ó anuraidh ach tá contaetha eile ag ullmhú freisin a bhfuil deis dáiríre acu ar Chorn Bhreandáin Uí Mháirtín a thabhairt leo. Beidh sárimirt agus cluichí drámatúla le feiceáil freisin sa Chraobh Idirmheánach agus i gCraobh na Sóisear agus neart cur is cúiteamh á dhéanamh ag an lucht faire faoina dtiteann amach idir na foirne agus iad ag féachaint le Corn an West County Hotel agus Corn Cuimhneacháin Mary Quinn a bhreith leo. Chomh maith leis na coirn, bíonn de dhuais ag buaiteoir an dá chraobh seo freisin go mbeidh peil craoibhe á imirt ar ghrád níos airde acu sa bhliain 2025.

“Beidh TG4 linn ó thús go deireadh na craoibhe, mar a bhí gach bliain ó 2001 anall. Is iomaí lá mór feicthe ag an dá eagraíocht in éineacht faoin tráth seo agus cuireann sé leis an mbród agus an ríméad as 50 bliain an chumainn ar an bhfód go mbeidh TG4 linn i mbun comórtha agus ceiliúrtha. Tá an uile imreoir ag díriú anois ar Pháirc an Chrócaigh a bhaint amach lá na Craoibhe agus táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh bhreis daoine sna sluaite féachana ag na cluichí éagsúla ar an mbealach. Guím gach rath ar gach uile chontae agus ar gach uile imreoir. Tá sceideal cuimsitheach de chluichí beo ar an teilifís deimhnithe againn arís i mbliana agus, den chéad uair riamh, beidh gach cluiche i gCraobh na Sinsear nach mbíonn le feiceáil beo ar an teilifís ar fáil beo ag an lucht féachana ar chainéal Spórt TG4 ar YouTube. Is sampla den scoth eile é seo do dhúthracht thar barr ar fad TG4 do spórt s’againne. Is mian liom buíochas a chur in iúl do Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, do Rónán Ó Coisdealbha, an Ceannaire Spóirt agus d’fhoireann uile TG4 as an bhfónamh seasta leanúnach a dhéanann siad ar mhaithe le Peil na mBan.”

#ProperFan

Grúpaí Chluichí Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 2024

Na Sinsir:

Grúpa 1: Ard Mhacha, an Mhí, Tiobraid Árann

Grúpa 2: Ciarraí, Dún na nGall, Port Láirge

Grúpa 3: Gaillimh, Corcaigh, Laois

Grúpa 4: Baile Átha Cliath, Maigh Eo, Cill Dara

Idirmheánach:

Grúpa 1: An Dún, an Iarmhí, an Cabhán

Grúpa 2: An Clár, Muineacháin, Uíbh Fhailí

Grúpa 3: Loch Garman, Ros Comáin, Aontroim

Grúpa 4: Liatroim, Cill Mhantáin, Tír Eoghain

Na Sóisir:

Grúpa A: Londain, Sligeach, Fear Manach, Doire, Ceatharlach

Grúpa B: Cill Chainnigh, an Lú, Luimneach, an Longfort

** Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le nó is féidir leis na meáin teagmháil a dhéanamh le: má tá aon cheisteanna acu faoi TG4.